Próifíl Céimí Fiontar - Sadhbh Bhreathnach

Sadhbh Bhreathnach http://lesbian-spankings.com/?siska=opzioni-binarie-copy-trader opzioni binarie copy trader Post: Ceannasaí Margaíochta agus Forbartha le segnali forex free Stillwater Communications
 
optionen handel lernen Oideachas: BA (Idirnáisiúnta) Gaeilge agus Tíreolaíocht (2000)
http://www.psinternational.net/?soys=bin%C3%A4re-option-demokonto-ohne-registrierung binäre option demokonto ohne registrierung MSc i nGnó & Teicneolaíocht an Eolais (2001) le Fiontar DCU
 
Tar éis an choláiste, bhí a fhios agam go raibh mé ag iarraidh dul isteach i ngnó éigin, rud éigin cruthaitheach go háirithe: is taobh níos beomhaire den ghnó a bhí sa mhargaíocht domsa.

Ghlac mé post in Airgeadas agus Seirbhísí Custaiméara in L’Oréal chun mo chos a fháil sa doras, mar go raibh a fhios agam go mbeadh roinnt margaíochta i gceist ann. Chaith mé timpeall sé bliana ansin, agus arduithe céime á dtabhairt dom go dtí go raibh mé i mo Bhainisteoir Táirge. Chuala mé scéal ansin go raibh deacracht ag stiúrthóir Stillwater duine le taithí mhaith margaíochta a labhair Gaeilge a aimsiú.  Rinne mé teagmháil leis, agus taobh istigh de choicís bhí post á thairiscint acu dom. Is cinnte go raibh tionchar ag an deis Gaeilge a úsáid ar mo chinneadh glacadh leis an bpost seo, mar bhí mé i gcónaí ag iarraidh a bheith in ann an Ghaeilge a thabhairt isteach i mo shaol oibre.
 

Tá dhá thaobh leis an méid a dhéanaim. Caithim leath mo chuid ama ag obair le cliaint, na cliaint Ghaeilge go háirithe, sna réimsí ina bhfuil taithí agamsa: brandáil, dearadh lógó, sainchomhairliúchán cumarsáide agus caidreamh poiblí. San leath eile de mo chuid oibre bím ag caitheamh le Stillwater mar chliant trí obair a dhéanamh ar fhorbairt na cuideachta.

Is cliant mór dár gcuid é Oireachtas na Gaeilge. Ceann de na tionscadail is mó a bhí againn leo ná obair ar bhrandáil, ar íomhá agus ar phoiblíocht Oireachtas na Samhna. Ansin chaith mé an tseachtain iomlán ag an bhféile. Bhraith mé go raibh an-obair déanta againn nuair a chonaic mé an rud ar fad ag teacht le chéile agus an phoiblíocht go léir a d’éirigh linn a fháil dóibh.

Tá i bhfad níos mó deiseanna ann anois ná mar a bhí san earnáil seo. Tá dearcadh ag daoine i leith na Gaeilge mar uirlis iontach ghnó agus mhargaíochta. Ní hé go bhfuilimid ag obair leis an nGaeilge mar nach bhfuilimid in ann aon obair eile a fháil: tá leithéidí Microsoft, Diageo, Irish Rail, Bus Éireann agus mórchomhlachtaí eile i measc ár gcliant. Is cuid mhór dár ngnó í an Ghaeilge, agus tá fás ag teacht ar an gcuid sin i gcónaí.